Seirbhísí Ionaid
Tá an t-Ionad Réigiúnach Foghlama Piar-Thacaithe tiomanta do na seirbhísí seo a leanas a thairiscint d’institiúidí comhpháirtíochta cuibhreannas na Sionainne:
- Comhairle agus cúnamh a sholáthar d’aon bhall foirne/ dáimhe, roinn agus/nó coláiste a bhfuil suim acu I gclár foghlama piar-thacaithe a bhunú maidir le cén múnla a bheadh oiriúnach dá sainriachtanas; agus conas clár den sórt sin a thionscnamh, a sheachadadh, monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh air.
- Roinnt clár/seimineár ionductaithe a sheachadadh faoi fhoghlaim piar-thacaithe agus an múnla PSLG don fhoireann dáimhe agus múineadh trasna gach coláistí de chruibhreannas na Sionnaine.
- Roinnt ceardlanna oiliúna do cheannairí mac léinn a sheachadadh do ranna/coláistí/institiúidí atá ag pleanáil a gcláir PSLG féin a chur I bhfeidhm.
- Suíomh idirlín ionad foghlama piar-thacaithe réigiúnach a chothabháil agus acmhainí ábhartha a sholáthar. Sa todhchaí, áireoidh tionscnaimh sa réimse seo fóram gréasáin modhnaithe a thabhairt isteach chun idirghníomhaíocht na mac léinn a éascú níos mó.
- Cláir nua PSLG a threorú ar fud UL agus institiúidí comhpháirtíochta cuibhreannas eile na Sionainne.
Is féidir liosta de na modúil atá á dtacú faoi láthair ag an gclár PSLG a aimsiú anseo ar ár leathanach modúil.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil fai aon cheann de na seirbhísí seo déan teagmháil le do thoil le stiúrthóir réigiúnach PSLC.