Cad é an t-Ionad Réigiúnach Foghlama Piar-Thacaithe (PSLC)?

Is ionad tras-institiúideach é an PSLC réigiúnachchun córais éifeachtacha foghlama paiar-thacaithe atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir a chur chun cinn trí thógáil ar an taithí agus an saineolas i bhfoghlaim oiar-thacaithe i ngach institiúid chomhpháirtíochta de chuid chuibhreannas na Sionainne, go háirithe na cinn a bhaineann le clár saibhrithe acadúil an-rathúil Ollscoil Lumnigh ar a dtugtar Grúpaí Foghlama Piar-Thacaithe (PSLG).

Tá an t-ionad atá lonnaithe in Ollscoil Luimní agus atá suite i seomra C2061 sa phríomhfhoirgnimh, ceann de na cúig ionad tacaíochta foghlaimeora atá chuid den Ionad Múineadh agus Foghlama.

Cad iad PSLG?

Is clár réamhghníomhach saibrithe acadúil é grúpaí foghlama piar-thacaithe a dhíríonn ar ábhair/modúil dheacra. Cothaíonn sé tacaíocht trasbhliana ar an gcúrsa céanna trí iad a spreagadh chun tacú a chur lena chéile agus a fhoghlaim go comhoibríoch faoi threoir na scoláirí ó na blianta thuas. Cuireann an clár seisiúin seachtainiúla rialta sceidealaithe modúil ar súil a bhfuil:

  • Fócus acadúil/ábhar acu ach tacaíonn foghlaim shóisialta trí phlé I ngrúpaí beaga agus foghlaim chomhoibríoch;
  • Breise don mhúineadh: ábhair le plé bunaithe as acmhainí cúrsa atá ann cheana féin (nótaí léachta, leabhair oibre, téacsleabhair, etc.);
  • Éascaithe ag ceannairí oilte PSLG, Mic léinn a rinne na modúil chéanna sna blianta roimhe;
  • Cothaíonn foghlaim idirspleách trí fhohlaim chomhoibríoch ghníomhach I ngrúpaí atá spreagtha, rannpháirteach agus éascaithe ag naceannairí.

Príomhsmaointe ar a bhfuil PSLG bunaithe

  • Foghlama gníomhach i ngrúpaí beaga.
  • Spreagann foghlaim chomhoibríoch.
  • Oibríonn sé ar an méid a fhoghlaimíonn na daltaí agus ar an gcaoi a fhoghlaimíonn siad freisin.
  • Cuireann deiseanna ar fáil chun cleachtadh a dhéanamh ar theanga an ábhair.
  • Oibríonn i dtimpeallact shábháilte, chairdiúil agus thacúil.
  • Is buntáiste é do gach mac léinn beag bean ar a gcumas acadúil.

Conas a oibríonn PSLG?

  • Reáchtálann PSLG seisiúin sceidealta (seachtainiúla) rialta faoi stiúir ceannairí mac léinn.
  • Tá fócus acadúil ag PSLG seisiúin ach tacaíonn foghlaim shóisialta trí phlé i ngrúpaí beaga agus foghlaim chomhoibríoch, éascaithe ag na Ceannairí.
  • Breise don mhúineadh: ábhair le plé bunaithe as acmhainí cúrsa atá ann cheana féin (nótaí léachta, leabhair oibre, téacsleabhair, etc.)
  • Tá an fhoghlaim idirspleách: Tá foghlaim chomhoibríoch, ghníomhach i ngrúpaí spreagtha, rannpháirteach agus éascaithe ag na Ceannairí.

Samplaí de ghníomhaíochtaí seisiúin PSLG

  • Ábhair léachta a achoimriú ar bhealaí éagsúla chun tuiscint a fheabhsú.
  • Cur i láthair a chleachtadh agus staidéar a dhéanamh ar cad a dhéanann cur i láthair maith.
  • Anailís a dhéanamh ar cheisteanna aiste, eochairfhocail agus príomhcheisteanna le clúdach a aithint, struchtúr aiste a phlé, tagairt, bradaíl etc.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar modúil trí thráth na gceist a chumadh.
  • Teicnící athbhreithnithe scrúdaithe a roinnt, freagraí samplacha ar cheisteanna sna hiarpháipéir a phleanáil.

Structúr Tipiciúil de Seisiún PSLG

  • Fáilte.
  • Míreanna nuachta a bhaineann leis an modúl a roinnt.
  • Achoimre ghairid ar na príomhphointí ó gach ceanndá léachtaí seachtaine.
  • Déan seiceáil ar an ábhar a comhaontaíodh roimhe seo le plé agus aontú ar mhíreanna le plé.
  • Plé i ngrúpaí beaga nó obair bheirte. Aiseolas iomlánach ó gach grúpa beaga, éascaithe ag ceannaire PSLG.
  • Aontaíonn an grúpa iomlán ar an ábhar a bheidh le plé an tseachtain seo chugainn.
  • Cuireann an ceannaire ríomhphost chuig anan ngrúpa 2-3 lá roimh an gcéad seisiún eile chun an topaic aontaithe a mheabhrú do na daltaí agus chun nótaí ábhartha a thabhairt.

Cad iad na buntáistí a bhaineann le PSLG

Is éard atá i gceist le foghlam piar-thacaithe ná tacaíocht acadúil ó mhic léinn go mic léinn eile sna cúrsaí céanna. Cruthaíonn an caidreamh traschúrsa seo timpeallacht thacúil agus neamhbhagrach inar féidir le dalta ceisteanna a chur go compordach agus eolas a fháil.

Cé go leagann múnlaí éagsúla d’fhooghlaim piar-thacaithe béim ar ghnéithe éagsúla agus cuspóirí, tá roinnt buntáistí coitianta ag formhór na gclár PSL.

  • Foghlaim neamhspleách a chothú: Tá seans níos mó go mbeidh mic léinn níos gníomhaí agus níos rannpháirtí ina gcuid foghlama.
  • Le linn seisiúin piaraí, is mó an cumas atá ag mic léinn a bheith rannpháirteach, ceist a chur agus aiseolas a fháil.
  • Glacann mic léinn freagracht phearsanta le haghaidh a gcuid foghlama féin.
  • Spreag cláir piar-thacaithe comhoibriú i measc na mac léinn.
  • De réir taighde, bíonn úsáid níos fearr eolais agus scileanna i gcásanna nua mar thoradh ar fhoghlaim piar-thacaithe.
  • Ceadaíonn seisiúin piar-thacaithe do nochtadh níos mó agus deiseanna freagra a thanhairt do mhic léinn as a dtagann níos lú imní agus eagla roimh botúin a dhéanamh.
  • Is féidir le mic léinn foghlaim piar-thacaithe a úsáid chun grúpaí staidéir agus pobail foghlama fadtréimhseacha a fhorbairt.
  • Is féidir leis an atmaisféar suaimhneach, neamhfhoirmiúil cuidiú le muinín agus féinmheas an dalta a chothú, féadfaidh sé seo a bheith thar a bheith tábhachtach do dhaltaí na chéad bhliana.

Tagairtí

Topping, K.J., and Ehly, S.W., (1998), Peer-assisted learning, Lawrence Erlbaum Associates.

Velez, J.J., Wolf, K.J., and Cano, J., (2007), Student perceived benefits of peer-assisted instruction, Proceedings of the 2007 AAAE Research Conference, Volume 34

Royse, D., (2001), Teaching Tips for College and University Instructors: A Practical Guide, Allyn and Bacon Publishers

Johnson, D.W. and Johnson, R.T., (1991), Learning together and alone: Cooperative, competitive and individualistic, 3rd ed, Prentice Hall

PSLG Oiliúint Ceannaire

Reáchtálann an t-ionad roinnt ceardlanna oiliúna ceannaire mac léinn PSLG ag tús gach seimeastar acadúil. Tá na ceardlanna seo deartha chun oiliúint a chur ar cheannairí mac léinn le teicnící éagsúla ar féidir iad a úsáid chun éascú le linn seisiúin PSLG. Cuirfear fógraí agus eolas faoin oiliúint ar fáil go rialta ar an suíomh idirlín seo ar an leathanach baile.

Is féidir leis an PSLC ceardlanna ionduchtúcháin/oiliúna a chur ar fáil do fhoireann múineadh agus riaracháin a bhfuil suim acu/a bhfuil sé beartaithe acu tús a chur leis an gclár PSLG dá modúl/cúrsa, dá roinn nó dá gcoláiste. Tá an cineál oiliúna seo deartha chun réamheolas praiticiúil a sholáthar ar PSLG le fócas ar leith conas a chur ar bun, a chur i bhfeidhm, a chomhordú, a mheas agus a chothabháil clár foghlama piar-thacaithe rathúil.